Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Reiligí: Ní raibh mórán reiligí san áit san am ar tógadh an reilig sa 10ú haois. Tosaíodh a chur coirp ann agus thugtaí coirp as Fánaid. Shiúladh siad trasna an chnoic agus dhéanadh ligtí scíth ar an bhealach, anois tugtar Leac na gConóir ar an áit agus Cnoc na Marbh a tugtar ar an chnoc. | 00:02:53 | |
Coirnéal sa reilig ina gcuirtí páistí gan baisteadh agus páistí le mná nach raibh pósta, chuirtí iadsan i lár na hoíche. Bhunaigh lucht na nDúnaibh cóiste agus fuair siad cuidiú ó MFG agus Údarás na Gaeltachta leis an reilig a ghlanadh agus í a chur in ord, sin in 1996. | 00:05:08 | |
Reiligí: Ba ghnách leis na daoine málaí créafóige a iompar leo lá tórraimh mar nach raibh mórán doimhne créafóige san uaigh. | 00:00:52 | |
Fear an Gheafta: deirtear nuair a chuirtear corp sa reilig go gcaitheann an té sin fanacht ag geafta na reilige go gcuirfear an chéad duine eile.
Fuair Donnchadh é féin scanradh oíche amháin agus é istigh sa reilig. | 00:03:13 | |
An Chros Mhór atá i lár na reilige – sin an áit ar thit an asal don tríú huair. Ba ansin a shocair Colm Cille a shéipéal a thógáil. Léitear Aifreann ansin gach bliain ar an 15 Lúnasa ó 1996, sin Lá Fhéile Muire. | 00:03:02 | |
Na tuamaí sa reilig – an leac tuama is sine, 1796, Mc Elhinney an t-ainm atá air. Tá léir ainmneacha eile ansin fosta: Ó Gallchóir, ó Buidhe, Mac Lochlainn agus araile. | 00:03:16 | |